Configuration:Letters/ga
This page is outdated! Please refer to the English page - and consider to translate it. |
Cumraíocht: Socruithe: Foclóir > Litreacha >Rialacha > Clár > Dearadh > Ríomhaire > Roghanna
Tacair Litreacha
Braitheann litreacha ar theangacha, mar shampla gutaí fada nó consain buailte sa Ghaeilge, nó umlaut sa Ghearmáinis. Dá bhrí sin, is féidir litreacha roghnú sa chlib Litreacha. Tá tacair áirithe réamhshainithe. Má roghnaítear tacar mar sin bíonn na litreacha, líon gach litir agus a luach socraithe, agus freisin an líon píosa bán. Más gá píosa a leasú, is féidir sin a dhéanamh sna boscaí eagartha faoin dtábla.
Tagann gach athrú cumraíochta (seachas athrú ar an dearadh) i bhfeidhm ag tús cluiche. Mar sin, má athraítear socruithe le linn cluiche is ag tús an chéad cluiche nua eile a thagann siad i bhfeidhm. I gcás cluiche ar an líonra, siad socraithe an imreora a thugann an cuireadh a théann i bhfeidhm - agus bíonn na socraithe seo le feiceáil sa chlib.
Conas Tacar Litreacha a athrú
Nuair a roghnaítear ró as an tábla líontar an bosca eagartha faoin tábla. Cinntítear an socrú leis an cnaipe ar dheis. Athraíonn an cnaipe seo de réir an méid atá sa bhosca. Más ionann na luacha le ró atá sa tábla, bíonn "-" lúide ann, agus is féidir an ró a scrios. Más litir nua atá i gceist, bíonn "+" móide ann chun é chur leis an tacar. Seachas sin taispeántar dhá saighead chun an ró a leasú. Is féidir litir aonair a chur isteach, défhoghair a chuimsíonn caighdeán Unicode san áireamh, mar shampla ġ (G buailte). Aistrítear litreacha go cás uachtar go huathoibríoch más gá.
I ndiaidh gach athrú déantar comparáid idir an tacar agus na tacair caighdeánacha. Más ionann an tacar agus ceann caighdeánach, athraítear an teideal. Murab ionann bíonn an teideal "Special" le feiceáil. Más mian leat tacar ar leith a úsáid go minic, is féidir é a shábháil mar réamhrogha.
Mar shampla, tá tacar ar leith de dhíth do Sárscrabble.
Language: |
Deutsch • English • Español • Français • Gaeilge • Gàidhlig • Italiano • Svenska |